top of page

An BA sa Ghaeilge Fheidhmeach (Páirtaimseartha nó ar Bhonn modúil)

 

 

 

 

 

 

 

 

Cur síos ar an gclár:

Is céim shainiúil í seo sa Ghaeilge Fheidhmeach. Tá sí á tairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar le Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.   Is é seo an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn ina bhfuil céim sa Ghaeilge á tairiscint trí mheán na foghlama cumaiscthe.  Is í aidhm na céime spéis an mhic léinn i léann agus i saol na Gaeilge a mhúscailt agus a threisiú. Beidh modh seachadta an chúrsa solúbtha ionas nach gcuirfear ualach míréasúnta taistil ar dhaoine.

 

Cé air a bhfuil an chéim seo dírithe?

Tá an clár seo dírithe go háirithe ar fhoghlaimeoirí lánfhásta. Is féidir le daoine a bhfuil teastas nó dioplóma faighte acu cheana an clár seo a dhéanamh chun céim a bhaint amach agus tabharfar aitheantas cuí do na cáilíochtaí atá acu. Cuirfear fáilte freisin roimh dhaoine a roghnaíonn tabhairt faoi mhodúil aonair..

 

Cáilíocht a bhainfear amach:

Bronnfar céim (NQAI leibhéal 8) ar mhic léinn a chríochnaíonn na ceithre bliana den chúrsa (i.e. 180 ECTS).  Bronntar creidmheasanna in aghaidh an mhodúil freisin.

 

Cé mar a dhéanfar an clár a sheachadadh?

Seachadfar an clár ar bhonn páirtaimseartha thar cheithre bliana agus bainfear leas as foghlaim chumaiscthe lena tairiscint.  Déanfar an clár a theagasc ar bhonn modúlach. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá stíl mhaireachtála féin. Cuirfear ábhar na modúl ar fáil ar-líne go seachtainiúil. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas dóibh ag ceardlanna míosúla ar champas na hOllscoile. Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar-líne trí úsáid a bhaint as ríomhphost agus fóraim phlé freisin.  Sa chéad agus sa dara bliain den chéim sechadfar na ranganna teanga in ionaid de chuid na hollscoile agus in ionaid áirithe eile ar fud na tíre ag brath ar éileamh.

 

An Córas Measúnachta

Caithfidh mic léinn a bheith páirteach i ndíospóireachtaí agus fóraim phlé ar-líne i rith na bliana acadúla. Measúnófar na modúil uile ar bhonn aonarach. De ghnáth bunófar na measúnuithe seo ar imeachtaí i rith an mhodúil chomh maith le haiste nó togra scríofa ag deireadh an tseimeastair.

 

Tuilleadh eolais:

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge       

T +353 91 493802                                       

R eamon.ocofaigh@oegaillimh.ie         

www.oegaillimh.ie/acadamh 

bottom of page